Ceiliúradh Gaelach na mBan
Ceiliúradh Gaelach na mBan
@ Amharclann & Ionad Ealaíona Naomh Eoin
Seachtain na Gaeilge le Energia Siamsaíocht Agus EalaínTaispeántas dhá-theangach ag ceiliúradh Seachtain na Gaeilge agus Lá idirnáisiúnta na mBan le Filíocht, Scéalaíocht agus Ceol.
Dé Máirt, 8ú Márta 2022 @ 7pm
Beidh togha agus rogha na mban ar stáitse in Amharclann & Ionad Ealaíona Naomh Eoin, Lios Tuathail chun ceiliúradh beo dhá-theangach a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge agus Lá idirnáisiúnta na mBan. I measc na haíonna ag glacadh páirte, beidh an file Siobhán Ní Dhomhnaill, an scéalaí Frances Kennedy agus an scríbhneoir Carrie Jade Williams. Ina dteannta, beidh na ceoltóirí traidisiúnta Aoife agus Deirdre Ní Ghrainbhéil ag tabhairt taispeántas ceoil ar an bhfeadóg mhór agus cláirseach. Rachaidh an t-airgead a thógfar ar an doras chuig Cumann Croise Deirge na hÉireann ar mhaithe le géarchéim na hÚcráine
Táille: €5.00
Fáilte mhór roimh chách!
Teagmhálaí: Áine Ní Chuaig
www.stjohnstheatre.ie | 068-22566