![](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2022%2F02%2FCeol-le-Cheile-postaer.png%22%2C%22thumbnail%22%3A%22%2C%22%7D&hash=0dfe2dbe)
Ceol le Chéile – imeacht idirghlúine
Ceol le Chéile – imeacht idirghlúine
@ Ionad Paróiste, Dún Lathaí, Co. Aontroma
Seachtain na Gaeilge le Energia Siamsaíocht Agus EalaínCeol le Chéile - Imeacht Idirghlúine
Shathairn, 5ú Márta 2022, 10.00-12.00,
Ionad Paróiste, Dún Lathaí, Co. Aontroma
Tabharfaidh muid cuireadh roimh theaghlaigh agus a gcairde – ó mhamó go babaí – teacht chuig an imeacht idirghlúine pobail seo. Beidh ceol agus spraoi againn ag an imeacht seo le ceoltóirí ag canadh amhráin do pháistí, amhráin traidisiúnta agus pop-cheoil i nGaeilge. Beidh rud éigin ann do ghach duine – idir óg ‘s aosta; déagóirí agus seanóirí; An Óige agus na Saoithe! Beidh béilí beaga agus deochanna te ar fáil le cuidiú leis an atmaisféar céiliúrtha faoi choinne Seachtain na Gaeilge ar an lá. Ag amharc ar na srianta Covid, beidh muid ag tabhairt spás le cathaoireacha ar leith do ghach teaghlach nó bolgán sa halla. Tá spás ann fá choinne idir 10 agus 15 bolgán ag brath ar na huimhreacha a chláraíonn roimh an lae.