Daonscoil na Mumhan 2022
Daonscoil na Mumhan 2022
@ Coláiste na Rinne
Féile Léacht nó Caint Rang‘Comóradh an Chéid: Saorstát agus Neamhspleáchas’ mar théama ar Dhaonscoil na Mumhan 2022 i bhfochair a chéile arís i gColáiste na Rinne
Tar éis dhá bhliain de bheith ag teacht le chéile ar-líne, tá áthas ar Choiste eagraithe Dhaonscoil na Mumhan a fhógairt go mbeidh an scoil samhraidh is sine sa tír ar siúl arís beo, i bpearsain i gColáiste na Rinne i nGaeltacht na nDéise i mí Lúnasa.
“Comóradh an Chéid: Saorstát agus Neamhspleáchas” an téama a bheidh ar Dhaonscoil na bliana seo, a bheidh ar siúl i gColáiste na Rinne sa Rinn ón 14-19 Lúnasa. Le blianta beaga anuas tá ceiliúradh agus comóradh á dhéanamh ag muintir na hÉireann ar bhunú an Stáit agus sinn i lár Chomóradh an Chéid. Beidh aoichainteoirí na Daonscoile i mbliana ag caitheamh súil siar ar stair na tíre seo i dtús na 1920daí agus go leor le plé ag: Gearóid Denvir, scríbhneoir acadúil, file agus eagarthóir, a labhróidh ar oidhreacht Phádraig Uí Mhileadha, Seán Ó Laoi, atá ina theagascóir in Ionad na Gaeilge Labhartha i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus a bheidh ag caint mar gheall ar dhearcadh spiorad na tréimhse 1922 go 2022, agus Máirín Ní Ghadhra, craoltóir agus iriseoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus le TG4, a labhróidh faoi leathchéad bliain den chraoltóireacht Gaeilge.
Chomh maith leis sin, ar an Luan, 15 Lúnasa bronnfaidh Gearóid Denvir cnuasach de pháipéirí pearsanta Phádraig Uí Mhileadha ar Leabharlann Choláiste na Rinne. Is onóir an-mhór ar fad é seo agus cuirfidh sé go mór le foinsí taighde an Choláiste.
Taobh amuigh des na léachtanna gach lá, leanfar ar aghaidh le gnáth-imeachtaí na Daonscoile, sé sin ranganna amhránaíochta le Áine Ní Fhiannusa; ceardlanna filíochta le Colm Ó Ceallacháin agus ranganna/ceardlanna drámaíochta le Bernadette Watson gach lá. Beidh seans acu siúd a bheidh ag freastal ar an Daonscoil taitneamh a bhaint as seisiúin cheoil, taispeántas Drámaíochta, Tráth na gCeist agus Cúirt Filíochta.
Ceann de bhuaicphointí na seachtaine ná Coirmcheoil na Daonscoile, a reachtáilfear oíche Déardaoin, 18 Lúnasa in Halla Éisteachta Choláiste na Rinne ar a 8.30 i.n., le ceoltóirí Chúl Ceoil ó Chúl na Sméar. Beidh fáilte roimh chách.
Cuirfear fáilte roimh ghrúpa d’fhoghlaimeoirí Gaeilge a bheidh ag teacht os na Stáit Aontaithe, ón Bhreatain agus ó thíortha eile thar lear chuig an Daonscoil arís i mbliana. Beidh siad ag caitheamh coicíse i ndúthaigh álainn na nDéise, áit a bhfreastalóidh siad ar imeachtaí éagsúla Gaeilge sa Choláiste le linn a dturas agus deis acu freastal ar imeachtaí áirithe de chuid na Daonscoile.
Bunaíodh Daonscoil na Mumhan mar sheachtain chaidrimh agus oideachais do dhaoine fásta a labraíonn an Ghaeilge agus baileoidh múinteoirí, foghlaimeoirí Gaeilge agus go leor daoine eile isteach i nGaeltacht na nDéise i mí Lúnasa chun taitneamh a bhaint as seachtain lán d’imeachtaí cultúrtha, idir chainteanna, ranganna, cheardlanna amhránaíochta, filíochta, drámaíochta agus phróis, tráth na gceist agus coirmcheoil - sé lá ina shnaidhmfí forbairt chultúrtha agus foghlaim, cairdeas agus canadh, ceol agus cadráil cois mara thoir sa Rinn.
Má tá suim agatsa freastal ar Dhaonscoil na Mumhan i mbliana (tá táillí lae/seachtaine i gceist), is féidir an t-eolas ar fad, maraon le clár na Daonscoile a fháil ag www.daonscoilnamumhan.com. Is féidir clárú tríd an suíomh idirlíon chomh maith nó trí theagmháil a dhéanamh le aingealtoibin@gmail.com nó ainecnif@gmail.com 0862227533