![](/wp-content/themes/yootheme/cache/f2/feiste-f24ac82a.jpeg)
Feisteas an tSaoil
Feisteas an tSaoil
@ An Taibhdhearc
Siamsaíocht Agus EalaínSeó dhá-theangach is ea Feisteas an tSaoil/Dressing the Part scríofa agus curtha i láthair ag Áine Moynihan le tacú ó Giorria. Is ceiliúradh é ar shaolta na mban tríd na hathruithe sóisialta den 20ú aois agus ina dhiaidh.
Saol mná atá á insint sa léiriú seo, ag baint leas as píosaí éadaí suntasacha, iad ar fad le scéal faoi leith a bhaineann léi agus í ag stracadh léi tríd an saol. Seo éadaí ar nós seál linbh, fial na Chéad Chomaoineach, gúna pósta, ruga daite don trá, bróga beaga bídeacha baba, a spreagann mothúcháin agus cuimhní cinn ionainn go léir.
Meallann an turas seo sinn trí ócáidí tábhachtacha i saol na mban, imeachtaí ina bhfuil ceol, goltraí, geantraí agus suantraí le linn an 20ú haois agus uaidh sin amach
Le ceol beo ó Feargal Mac Amhlaoibh agus Louise Foxe
Tuilleadh eolais anseo.