#parkrunabú! – An Chanáil Ríoga, Cill Choca
22/06/2024
An Chanáil Ríoga, Cill Choca, An Chanáil Ríoga, Loc 16, An Cuan, Cill Choca, Co. Chill Dara
Comh-thionscnamh is ea #parkrunabú! idir An tOireachtas & parkrun in Éirinn. Ócáid ghréasánaíochta atá ann do Ghaeilgeoirí, a bhfuil spéis acu a bheith ag siúil nó ag rith, aithne a chur ar Ghaeilgeoirí eile sa cheantar agus a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus a chur chun cinn chomh maith le cairde nua a dhéanamh! Is cuma más lúthchleasaí thú nó más fearr leat siúlóidí sóisialta, cuirfear fáilte roimh chách ag an #parkrunabú!
Bál Aiteach 2024
22/06/2024
Club Chonradh na Gaeilge, 6, Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath, Contae Átha Cliath, Cúige Laighean, Éire, D02 VH98
Is é an Bál Aiteach an t-imeacht pobail is glioscarnaí, is spraíúla agus is cruthaithí sa mbliain do phobal aiteach na Gaeilge. Faigh do thicéad inniu (€10) (Eventbrite) Beidh beárbaiciú againn i gClub Chonradh na Gaeilge 17:00-19:00; cluichí spraíúla trí Ghaeilge 19:00-21:00; agus ansin an Bál féin 21:00-23:00, ag glacadh inspioráide ó na báil in Harlem sna 1980idí. Gléasfaidh daoine de réir catagóire: ExtravaGeansaí Dathanna an Chontae Drag Caoineadh TG Leathair Beidh duais ar luach €100 i gceist don fheisteas is fearr i ngach catagóir. Roghnóidh gach buaiteoir a nduais féin ó Eolaire Údarás na Gaeltachta chun go rachaidh an...
Fís agus Bís: Puffin Rock agus Cairde Nua (Léiriú Chéadfach)
22/06/2024
Ionad Ealaíon Loch Gormain, Margadh an Arbhair, Páirceanna an Bhaile, Loch Garman, Y35 X5HF
Ar Chreag na bPuifíní, oileán álainn in Éirinn, glacann Oona an tasc dúshlánach uirthi féin a baile féin a bhfuil grá aici dó a chosaint agus a chinntiú go dtiocfaidh a pobal slán. Tá cuid mhór puifíní nua i ndiaidh teacht, ar lorg dídien agus ag súil le saol nua ar Chreag na bPuifíní. Tugann clann Puifíní ubh bheag leo ach tá an ubh imithe go mistéireach. Agus stoirm mhór ag teacht, déanann Oona agus a cairde iarracht teacht ar an ubh agus iad féin a dhéanamh réidh don stoirm. An mbeidh siad in ann an ubh, na puifíní agus...
Tionól Gaeltachta 2024
27/06/2024
Conamara Láir, Conamara Láir, Contae na Gaillimhe
Beidh saoire Gaeltachta Chonradh na Gaeilge ar siúl i gConamara Láir ón 27 go dtí 30 Meitheamh 2024. Bí linn!
Rasaí Currachaí Pátrún Inis Mór
30/06/2024
Cill Rónáin an tsean ceibhe, Árainn, Co na Gaillimhe
Rasaí Currachaí mar chuid dé féile Pátrún Inis Mór, Arainn, Co Na Gaillimhe. Rasaí Fear agus Bean, Rasaí Faoi 18, Rasaí sinsir na bhfear agus rasaí sinsir mná. Tá ná rasaí claraithe le Coiste Lár na currachaí chun a bheidh istigh sa léig don chóras pointí.
Campaí Samhraidh Gaeilge
01/07/2024
CnaG Caisleán an Bharraigh, Sráid Ellison, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo
Campa Banna
08/07/2024
Cultúrlann Uí Chanáin, 37 Mórshráid Shéamais, Doire, BT48 7DF
Beidh ceardlanna ceoil, ceardlanna cumadh amhráin, ceardlanna léirithe, agus ceardlanna ar uirlisí eagsúla. Cuirfidh grúpaí ceoil seit amhráin le chéile i léiriuchán fá choinne cairde agus clann ag ceolchoirm proifisiúnta ar an 11ú lá de mhí Iúil. Spriocdháta: Dé Domhnaigh 23ú Meitheamh. Breis eolais anseo
#parkrunabú! – An Caisleán Riabhach
13/07/2024
An Caisleán Riabhach, An Diméin, Baile an Chaisleáin Riabhaigh, Co. Ros Comáin
Comh-thionscnamh is ea #parkrunabú! idir An tOireachtas & parkrun in Éirinn. Ócáid ghréasánaíochta atá ann do Ghaeilgeoirí, a bhfuil spéis acu a bheith ag siúil nó ag rith, aithne a chur ar Ghaeilgeoirí eile sa cheantar agus a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus a chur chun cinn chomh maith le cairde nua a dhéanamh! Is cuma más lúthchleasaí thú nó más fearr leat siúlóidí sóisialta, cuirfear fáilte roimh chách ag an #parkrunabú!
Féile na nÓg
14/07/2024
CLG Na Solláin, Na Solláin, Cill Dara
Féile na nÓg - 14ú Mí Úill, CLG Na Sollán, 10r.n - 2i.n. Beidh bliots peil trí Gaeilge againn leis na páistí óg in ár club idir clubanna eile áitúil i gContae Chill Dara. Beidh muid chun ‘cúpla focal’ a chur cinn chinn trí spraoi, craic, ceol, tae, parade, péintéil aghaidh agus milseáin.
Céilí do Dhéagóirí
03/08/2024
An t-Ionad Cultúrtha, Béal Átha na Muice, Bóthar an Stáisiúin, An Cheathrú Bheag, Béal Átha na Muice, Maigh Eo, F12WK83
Céilí do dhéagóirí trí ghaeilge.
Scoil Samhraidh: Comhréir agus Frásaíocht na Gaeilge
18/08/2024
Coláiste na Rinne, R674, Contae Phort Láirge, Cúige Mumhan, Éire, X35 E168
📢Tá an clárú ar oscailt anois don Scoil Samhraidh ar chomhréir agus ar fhrásaíocht na Gaeilge. 🗓️Dáta: 18-22 Lúnasa 2024 📌Áit: Coláiste na Rinne @ColaistenaRinne 📚Costas: €30 (táille) agus €350 (bia & lóistín) ⏰Ní mór éarlais €50 a íoc roimh an 7 Bealtaine chun d’áit ar an gcúrsa a dheimhniú. 📌Éarlais (& an tagairt ‘NuaGhaeilge’) le híoc anseo: https://anrinn.com/fees/ Ceisteanna breise: cuir r-phost chuig a.doyle@ucc.ie
Féile na mBád, Árainn
24/08/2024
Tigh Joe Watty, Stáisiun Doiteain Inis Mor, Cill Rónáin, Árainn, Co. na Gaillimhe
A chairde, tá lúcháir an domhain orainn a fhógairt daoibh go mbeidh muid ag reachtáil Féile na mBád, Árainn i mbliana. Is féile lá le hoidhreacht, ceol agus traidisiúin a bheas anseo. Bhí ceangal mór idir Árainn Agus Conamara riamh agus beidh muid ag déanamh athbheochana ar an gcaidreamh stairiúil seo. ⛵️
Ceolchoirm Chórúil & Léacht Oscailte | Irish Choral Concert & Lecture
29/08/2024
Séipéal na Naomh Uile, OCBÁC, Bóthar Pháirc na nGrás, Droim Conrach, Baile Átha Cliath, D09 N920
Cuireann Cumann Ceoil OCBÁC fáilte roimh an bpobal freastail ar cheolchoirm chórúil agus léacht oscailte i Séipéal na Naomh Uile, OCBÁC. Ag an gceolchoirm seo beidh cur i láthair ar réimse ceoil chórúil Ghaelaigh nach gcloistear go minic in aon cheolchoirm amháin. Beidh cór proifisiúnta ann á chanadh faoi stiúir Kevin Boushel, taighdeoir PhD in OCBÁC. Le linn na ceolchoirme, beidh Kevin ag tabhairt chomhthéacs don cheol, ag labhairt faoi stair na n-amhrán agus na cumadóirí a scríobh iad. Beidh na léachtanna i nGaeilge, ach beidh nótaí dátheangacha ar fáil. Cloisfear ceol as cumadóirí de leithéid Marian Ingoldsby, Michael McGlynn,...
#parkrunabú! – Cábán tSíle
14/09/2024
Cábán tSíle, Páirc Chábán tSíle, Seanbhóthar Bhré, Cábán tSíle, Baile Átha Cliath 18
Comh-thionscnamh is ea #parkrunabú! idir An tOireachtas & parkrun in Éirinn. Ócáid ghréasánaíochta atá ann do Ghaeilgeoirí, a bhfuil spéis acu a bheith ag siúil nó ag rith, aithne a chur ar Ghaeilgeoirí eile sa cheantar agus a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus a chur chun cinn chomh maith le cairde nua a dhéanamh! Is cuma más lúthchleasaí thú nó más fearr leat siúlóidí sóisialta, cuirfear fáilte roimh chách ag an #parkrunabú!
Ranganna Gaeilge le Cill Dara le Gaeilge
24/09/2024
Ionad Pobail An Monread, Ascaill an Mhaidilín, Nás na Ríogh, Co. Chill Dara, W91 FNV9,Cill Dara
Ranganna Gaeilge Irish Language Classes Tá lúcháir ar Chill Dara le Gaeilge sraith nua de ranganna Gaeilge a fhógairt! Cill Dara le Gaeilge is delighted to announce a new series of Irish classes! 24/09/24-12/11/24 19:00-20:00 Tosaitheoirí/Beginners 20:00 - 21:00 Meánleibhéal/Intermediate Level €60 in aghaidh an chúrsa per course (8 rang/classes) Ceannaigh ticéidí anseo The Monread Community Centre Ascaill an Mhaidilín, Nás na Ríogh, Co. Chill Dara, W91 FNV9 Maudlins Avenue, Naas, Co. Kildare, W91 FNV9
#parkrunabú!
02/11/2024
Teach Chill Airne, Bóthar an Mhisin, Cill Airne, Co. Chiarraí
Comh-thionscnamh is ea #parkrunabú! idir An tOireachtas & parkrun in Éirinn. Ócáid ghréasánaíochta atá ann do Ghaeilgeoirí, a bhfuil spéis acu a bheith ag siúil nó ag rith, aithne a chur ar Ghaeilgeoirí eile sa cheantar agus a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus a chur chun cinn chomh maith le cairde nua a dhéanamh! Is cuma más lúthchleasaí thú nó más fearr leat siúlóidí sóisialta, cuirfear fáilte roimh chách ag an #parkrunabú!
Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair
27/12/2024
Gaoth Dobhair , Dún na nGall
Is Féile Ealaíne Traidisiúnta bhliantúil í Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair, a reáchtáiltear ón 27 Nollaig go dtí an 01 Eanáir gach bliain. Reáchtáiltear ranganna i raon leathan uirlisí ceoil chomh maith le ceardlanna amhránaíochta agus damhsa thar 4 lá le linn na féile. Sna tráthnónta, bíonn éagsúlacht ceolchoirmeacha agus imeachtaí ann chomh maith le léachtaí agus rian seisiúin (session trail) de thithe tábhairne áitiúla. Tá ticéidí luath ar díol anois d’fhéile 2024 i mí na Nollag seo chugainn anseo; https://www.eventbrite.ie/o/scoil-gheimhridh-ghaoth-dobhair-8603665006 Níos mó eolais: https://scoilgheimhridh.com/ https://www.facebook.com/ScoilGheimhridh https://www.instagram.com/scoilgheimhridh