![Club Chonradh na Gaeilge Club Chonradh na Gaeilge](https://peig.ie/wp-content/uploads/2021/02/clubcon-1no-culra.png)
Club Chonradh na Gaeilge
Is grúpa pobail deonach é Club Chonradh na Gaeilge a bhfuil sé mar aidhm aige caidreamh sóisialta, siamsaíocht agus caitheamh aimsire a chur ar fáil do dhaoine trí mheán na Gaeilge. Chuige sin, tá spas ar cíos againn ina mbíonn breis is céad imeacht sa bhlian. Íocann os cionn 200 ball táille bhallraíochta linn gach bliain agus is tríd sin amháin gur féidir linn an spás a chur ar fáil agus na himeachtaí a rith. Más mian leat cabhrú linn agus páirt a ghlacadh tá foirm bhallraíochta ar fáil ag an beár no ar ár suíomh. Ní neart go cur le chéile.
Club Conradh na Gaeilge is a voluntary community group which aims to provide social interaction, entertainment and recreation for people through the medium of Irish. To that end, we rent a space that hosts over one hundred events a year. Over 200 members pay us a membership fee each year and only through this can we provide the space and run the events. If you would like to help us and get involved a membership form is available at the bar or on our site. Ní neart go cur le chéile.
Imeachtaí
Francis Rees
24/08/2024
Beidh oíche speisialta againn Dé Sathairn 24 Lúnasa. Beidh an ceoltóir aiteach Breatnaise, Francis Rees, ag seinm sa Chlub. Tuilleadh eolais le teacht.
An Bhainis Bhréagach
27/07/2024
Pisreogaí, Bainseacha agus Seanchas na hÉireann Dé Sathairn, 27 Iúil, cuirfear oíche i láthair i gClub Chonradh na Gaeilge ina ndéanfar ceiliúradh ar thraidisiúin bainise in Éirinn. Ní bheidh lánúin á bpósadh, ach beidh gach rud eile a bhaineann le bainiseacha, idir traidisiúnta agus nua aimseartha. Ar theacht an tsamhraidh achan bhliain, is iomaí lanúin óg is i ngrá a phósann le ceol agus craic i measc teaghlach agus cairde. Ach cá b’as a dtagann na traidisiúin agus nósanna a bhaineann le bainseacha anseo in Éirinn? Cé na nósanna eile a bhí ag Éireannaigh san am a chuaigh thart maidir...
An Queercal Comhrá
15/08/2024
An triú Déardaoin den mhí, ag 20:00 I rith an tsamraidh, ba cheart do dhaoine súil a choinneáil ar @queercalcomhra do na sonraí is deireanaí.
Amhránaithe an Chlub
01/08/2024
Oíche amhránaíochta mhíosúil i nGaeilge i gClub Chonradh na Gaeilge, 6 Sr Fhearchair. An chéad Déardaoin den mhí, gach mí. Fáilte roimh chách! Is fiú clárú roimh réidh anseo https://www.eventbrite.ie/e/317527472217