Cultúrlann Uí Chanáin
Imeachtaí
Léigh is Pléigh
20/07/2024
Is mian le Cultúrlann Uí Chanáin i gcomhair le Siopa Leabhar Little Acorns 'Léigh is Pléigh' a chur ar fáil do phobal léitheoireachta na Gaeilge sa cheantar. Beidh Réaltán Ní Leannáin i mbun seisiúin, an Scríbhneoir Cónaithe reatha leis an Chultúrlann, ag plé an leabhair, Súile Éisc le Michelle Nic Pháidín. Tá an leabhar ar fáil ón siopa.
Ceardlann Scríobhneoireachta
20/07/2024
Fáilte roimh scríbhneoirí le taithí agus roimh dhaoine nár bhreac focal go fóill. Beir leat peann is pár, croí éadrom is acmhainn ghrinn. Má tá dán nó dhó nó cúpla píosa próis (atá gearr), beir leat iad chomh maith. Beidh muid ag scríobh as an nua den chuid is mó den achar ama, ach beidh spás ann le comhairle a fháil ar phíosaí réamhscríofa fosta. Le Réaltan Ní Leannáin.
Campa Samhraidh Déagóirí Dhoire
08/07/2024
Spórt uisce agus ceardlanna ón Luan 8 go Aoine 12 Iúil. Bígí linn! Le clarú a dhéanamh agus le tuilleadh eolais a fháil: john@culturlann.org. Aois: iar-bhunscoile, 11-18.
Campa Banna
08/07/2024
Beidh ceardlanna ceoil, ceardlanna cumadh amhráin, ceardlanna léirithe, agus ceardlanna ar uirlisí eagsúla. Cuirfidh grúpaí ceoil seit amhráin le chéile i léiriuchán fá choinne cairde agus clann ag ceolchoirm proifisiúnta ar an 11ú lá de mhí Iúil. Spriocdháta: Dé Domhnaigh 23ú Meitheamh. Breis eolais anseo