Leabharlann Dhún Garbhán
Imeachtaí
Ceardlann Filíocht le Joanne McCarthy
23/11/2024
Sa chúrsa seo tabharfar deis do rannpháirtithe dul i ngleic le filíocht na Gaeilge. Tógfar am chun filíocht chomhaimseartha na Gaeilge a léamh agus a phlé i suíomh comhoibritheach. Tabharfar am chun scríbhneoireacht a dhéanamh bunaithe ar leideanna cruthaitheacha. Múinfear an cúrsa seo trí mheán na Gaeilge. Leibhéal: Cúrsa do Thosaiththeoirí Dáta: 23 Mí na Samhna Fad: Lá amhain Suíomh: Leabharlann Dhún Garbhán Cláraigh anseo
Ceardlann Fiscean le Colm Ó Ceallacháin
17/08/2024
Cúrsa é seo d'ardscríbhneoirí ar mian leo critic a dhéanamh ar a gcuid scríbhneoireachta i nGaeilge i suíomh ceardlainne. Beidh píosa ficsin suas le 2000 focal ag teastáil ó gach rannpháirtí roimh an gcúrsa. Ar mhaithe le plé ceart a dhéanamh ar gach saothar, ba cheart líon na bhfocal a choimeád faoi bhun 2,000 focal, cé nach bhfuil sé riachtanach. Is cóir na saothair atá le plé(gearrscéal, sliocht as úrscéal nó dráma, cúpla splancscéal nó eile) a sheoladh ar ríomhphost ar a laghad seachtain roimh ré, i dtreo gur féidir na saothair a chur thart ar na rannpháirtithe, iad a bheith léite roimh...