Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair
Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair
@ Amharclann Ghaoth Dobhair
FéileBhí an fhéile bhliantúil seo le reáchtáil ag an Nollaig 2021 mar is iondúil, ach cuireadh siar é de bharr chúrsaí sláinte poiblí, agus beidh sé ar siúl anois ó 14 – 18 Aibreán. Beidh togha na gceoltóirí páirteach san fhéile, agus beidh cuid acu i láthair don eagrán speisialta de Bhladhaire ón Amharclann chun tús breá bríomhar a chur le cúrsaí! Ina measc beidh Dermot Byrne agus Steve Cooney, Ciarán Ó Maonaigh, Diane Cannon, Bríd Harper, baill de Na SíFiddlers, agus Caoimhín Mac Aoidh, fidléir agus údar. Beidh neart ceoil, craic agus siamsaíocht leis na haoi cheoltóirí, le lucht eagraithe na féile, agus le haíonna speisialta ar an gclár.
Beidh go leor imeachtaí ar siúl mar chuid den fhéile ó 14 – 18 Aibreán, ceardlanna ceoil, amhránaíochta agus damhsa san áireamh le cuid de scoth-cheoltóirí an traidisiúin ina measc Mairéad Ní Mhaonaigh, Jesse Smith, Tara Diamond, Jack Talty and Seosamh Ó Neachtáin. Beidh sraith coirmeacha ceoil freisin ar chlár imeachtaí na féile, le leithéidí Altan, Iarla Ó Lionáird agus Steve Cooney le Dermot Byrne; The SíFiddlers; an cruitire Laoise Kelly leis an bpíobaire Tiarnán Ó Duinnchinn agus an t-amhránaí Gabriel McArdle as Fear Manach.
Beidh ceiliúradh mór ar an dream óg freisin le linn Oíche Cheoil na gConnallach, ‘An Ghlúin Nua’, agus i measc na ndaoine a bheas páirteach ansin beidh An Crann Óg, Megan Nic Fhionnghaile, Nia Ní Bheirn, Marty Barry agus Cathal Ó Curráin.
Tá clár iomlán imeachtaí na scoile le fáil ag scoilgheimhridh.com
Beidh an t-eolas uilig ag Áine Ní Bhreisleáin agus criú Bhladhaire dúinn Déardaoin 14 Aibreán ó 3 pm go 5 pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.