Campa Samhraidh
Maratacht
03/07/2024
Maratacht, Oileán Chléire, Co. Chorcaí
Campa Samhraidh cónaithe do dhéagóirí ar Oileán Chléire, an oileán is sia ó dheas in Éirinn. Dírithe ar chúrsaí mara agus Gaolainne go h-áirithe beidh currachóireacht, snámh fé thoinn, seascéaslóireacht, iascaireacht srl gach lá chomh maith le obair taighde ar an dtrá, fé cúrsaí staire / tír éolas Chléire le fillteán tionscadail úathiúil ag gach rannpáirtithe ag deireadh seachtaine. Nascaithe go díreach leis an curaclam Eolaíocht, Stair & Tír Éolas sa dara léibhéil agus UN SDGs 13, 14 & 15. Lóistín, bia, taisteal ar an mbád farantóireacht agus gach trealamh ar fáil. Tuilleadh eolais anseo.
Campaí Samhraidh Gaeilge
03/07/2024
CnaG Caisleán an Bharraigh, Sráid Ellison, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo
Campa Banna
08/07/2024
Cultúrlann Uí Chanáin, 37 Mórshráid Shéamais, Doire, BT48 7DF
Beidh ceardlanna ceoil, ceardlanna cumadh amhráin, ceardlanna léirithe, agus ceardlanna ar uirlisí eagsúla. Cuirfidh grúpaí ceoil seit amhráin le chéile i léiriuchán fá choinne cairde agus clann ag ceolchoirm proifisiúnta ar an 11ú lá de mhí Iúil. Spriocdháta: Dé Domhnaigh 23ú Meitheamh. Breis eolais anseo
Campa Samhraidh Déagóirí Dhoire
08/07/2024
Cultúrlann Uí Chanáin, 37 Mórshráid Shéamais, Doire, BT48 7DF
Spórt uisce agus ceardlanna ón Luan 8 go Aoine 12 Iúil. Bígí linn! Le clarú a dhéanamh agus le tuilleadh eolais a fháil: john@culturlann.org. Aois: iar-bhunscoile, 11-18.
Bród Chléire – Campa Samhraidh LADTA+
12/08/2024
Oileán Chléire, Bóthar Teach Solais, Contae Chorcaí, P81 FY05
12 - 18 Lúnasa 2024, ar Oileán Chléire, Co Chorcaí Tuilleadh eolais anseo!
Campa Cois Laoi
12/08/2024
St. Columba's, An Dúglas, Co. Chorcaí
Beidh Campa Cois Laoi 2024 ar siúl ar feadh 5 lá do pháistí idir 6 - 12 bliana d’aois. Beidh sé ar siúl ón 12ú go dtín 16ú Lúnasa 2024 i St. Columbus GNS, An Dúglas, Corcaigh. Beidh an campa ar siúl trí mheáin na Gaeilge agus beidh sé dírithe ar na healaíona: drámaíocht, damhsa agus amhránaíocht. Beidh sé ar siúl ó 10am - 2.30pm gach lá, agus beidh bristeacha lóin ann. Is féidir r-phost a sheoladh go coislaoiproductions@gmail.com chun eolas breise a fháilt nó chun spás a chur in áirithe.