Féile
Bród na Gaeltachta 2024
04/07/2024
An Fál Carrach, Contae Dhún na nGall, Éire
4- 7 Iúil 2024 🌈 Féile pobal-eagraithe ag céiliúradh LADTA+ i gCloich Cheann Fhaola ⚡ Ireland's first Gaeltacht Pride Festival, Dún na nGall Tuilleadh eolais
Féile na nÓg
14/07/2024
CLG Na Solláin, Na Solláin, Cill Dara
Féile na nÓg - 14ú Mí Úill, CLG Na Sollán, 10r.n - 2i.n. Beidh bliots peil trí Gaeilge againn leis na páistí óg in ár club idir clubanna eile áitúil i gContae Chill Dara. Beidh muid chun ‘cúpla focal’ a chur cinn chinn trí spraoi, craic, ceol, tae, parade, péintéil aghaidh agus milseáin.
Fleá na bPrátaí
02/08/2024
Gleann na Sceiche, Gleann na Sceiche, Co. na Gaillimhe
Tá an-áthas ar Choiste Fhleá na bPrátaí a fhógairt go mbeidh 'Fleá na bPrátaí' '24 ar siúl idir Aoine agus Domhnach 2--4 Lúnasa. Cuirfear fáilte Uí Bhaoill roimh cuairteoirí agus lucht leanúna dílse a bheith i láthair agus a bheith gníomhach in imeachtaí an fhleá i nGleann na Sceiche thar dheireadh na seachtaine céanna. Agus seo iad na ceoltóirí rannpháirteach.
Saoire Gaeltachta 2024
10/08/2024
Corca Dhuibhne, Contae Chiarraí, Éire,
Tá an-áthas ar Ghlór na nGael go mbeimid ar ais i gCorca Dhuibhne don tSaoire bhliantúil Ghaeltachta. Beidh sí ar siúl idir an 10-17 Lúnasa 2024. Tugann an tSaoire deis do theaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge teacht le chéile in atmaisféar spraíúil, tacúil agus cairdiúil chun aithne a chur ar a chéile agus am a chaitheamh le teaghlaigh eile atá ar an turas teanga céanna leo. Chuireamar fáilte roimh tríocha a cúig teaghlaigh idir óg agus aosta an bhliain seo caite agus chonaiceamar roinnt teaghlaigh ó na glúnta siar ag teacht ar ais ar chuairt chugainn. Táimid ag...
Bród Chléire – Campa Samhraidh LADTA+
12/08/2024
Oileán Chléire, Bóthar Teach Solais, Contae Chorcaí, P81 FY05
12 - 18 Lúnasa 2024, ar Oileán Chléire, Co Chorcaí Tuilleadh eolais anseo!
Scoil Samhraidh: Comhréir agus Frásaíocht na Gaeilge
18/08/2024
Coláiste na Rinne, R674, Contae Phort Láirge, Cúige Mumhan, Éire, X35 E168
📢Tá an clárú ar oscailt anois don Scoil Samhraidh ar chomhréir agus ar fhrásaíocht na Gaeilge. 🗓️Dáta: 18-22 Lúnasa 2024 📌Áit: Coláiste na Rinne @ColaistenaRinne 📚Costas: €30 (táille) agus €350 (bia & lóistín) ⏰Ní mór éarlais €50 a íoc roimh an 7 Bealtaine chun d’áit ar an gcúrsa a dheimhniú. 📌Éarlais (& an tagairt ‘NuaGhaeilge’) le híoc anseo: https://anrinn.com/fees/ Ceisteanna breise: cuir r-phost chuig a.doyle@ucc.ie
Féile na mBád, Árainn
24/08/2024
Tigh Joe Watty, Stáisiun Doiteain Inis Mor, Cill Rónáin, Árainn, Co. na Gaillimhe
A chairde, tá lúcháir an domhain orainn a fhógairt daoibh go mbeidh muid ag reachtáil Féile na mBád, Árainn i mbliana. Is féile lá le hoidhreacht, ceol agus traidisiúin a bheas anseo. Bhí ceangal mór idir Árainn Agus Conamara riamh agus beidh muid ag déanamh athbheochana ar an gcaidreamh stairiúil seo. ⛵️
Éigse Dara Beag
13/09/2024
Cois Cuain Inis Meáin, Inis Meáin
Seo Féile cultúrtha ar Inis Meáin in ómós don fhile is fear uasal ón oileán, Dara Beag Ó Fátharta. Beidh muintir Inis Meáin ag ceiliúradh a n-oidhreacht shaibhir Idir ceolchoirm, filíocht, amhránaíocht, scéalaíocht, lúibíní, ceardlann amhránaíocht ar an sean nós ⁊ damhsa ar an sean nós ⁊ neart eile, tá míle fáilte romhaibh uilig a bheith linn. Tuilleadh eolais ag inismeainbeo.ie
Tionól Forbartha 2024
22/11/2024
Óstán Slieve Russell, N87, Contae an Chabháin H14 YY97
Gaeloideachas i bpáirt le COGG Óstán Slieve Russell, Co. an Chabháin Aoine 22 Samhain 2024 Tá ticéid ar díol anois do Tionól Forbartha 2024 agus is féidir lóistín a chur in áirithe. Tapaigh an deis! Tá gach eolas ar fáil anseo
Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair
27/12/2024
Gaoth Dobhair , Dún na nGall
Is Féile Ealaíne Traidisiúnta bhliantúil í Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair, a reáchtáiltear ón 27 Nollaig go dtí an 01 Eanáir gach bliain. Reáchtáiltear ranganna i raon leathan uirlisí ceoil chomh maith le ceardlanna amhránaíochta agus damhsa thar 4 lá le linn na féile. Sna tráthnónta, bíonn éagsúlacht ceolchoirmeacha agus imeachtaí ann chomh maith le léachtaí agus rian seisiúin (session trail) de thithe tábhairne áitiúla. Tá ticéidí luath ar díol anois d’fhéile 2024 i mí na Nollag seo chugainn anseo; https://www.eventbrite.ie/o/scoil-gheimhridh-ghaoth-dobhair-8603665006 Níos mó eolais: https://scoilgheimhridh.com/ https://www.facebook.com/ScoilGheimhridh https://www.instagram.com/scoilgheimhridh