Rang
Féile Ghaeltacht Thír Eoghain 2024
03/07/2024
The Institute Of Irish Leadership Pomeroy, 20 The Diamond, Pomeroy BT70 2QX
Cúrsa 3 lá / Three-day Irish Language Course & Workshop Dé Lúain 1 Iúil - Dé Céadaoin 3 Iúil. 10r.n - 2.40i.n gach lá. Monday 1 July - Wednesday 3 July. 10 am - 2.40pm daily. £70 an duine/£70 per person
Coláiste Samhraidh do dhaoine fásta
03/07/2024
Glór na Speiríní, 82 Bóthar na Sé Bhailte, Srath, Baile na Scríne, Contae Dhoire, BT45 7AD
Is é seo an tríú bliain i ndiaidh a chéile leis an choláiste a sholáthair do lucht foghlamtha i mBaile na Scríne. Bíonn na ranganna againn óna 10.00 ar maidin go dtí 13.00 agus san iarnóin (idir 14.00 go dtí 16.00) bíonn imeachtaí áirithe eagraithe againn daofa cosúil le siúlóidí, léachtaí, damhsa ar an sean-nós, ceol, cluichí agus neart rudaí eile chun iad a spreagadh. Beidh 4 leibhéal ar fáil mar chuid den chúrsa seo chun deis níos fearr a sholáthair do chách le freastail air agus tá fáilte Uí Cheallaigh roimh chách!
Campa Samhraidh De hÍde
08/07/2024
Scoil Náisiúnta Tarmon, R377, Contae Ros Comáin, F45 AW27
Dianchúrsa Ullmhúcháin Gaeilge do Dhaltaí na hArdteistiméireachta 2025 Arna éascú ag Tomás P. Ó Móráin O.S, B.A, M.Ed, A.T.O, A.T.G Ón 8-12 Iúil, 10r.n - 4i.n. i Scoil Naisiúnta Tarmon Costas €200 ar an gcúrsa, iníoctha roimh ré Chomh maith leis na ranganna beidh neart gníomhaíochtaí spraíúla ar siúl, m.sh Tráth na gCeist (Quiz), Tóraíocht Taisce (Treasure Hunt), Ceol (Music), Crosfhocail (Crosswords), Damhsai Gaelacha (Irish Dances) srl Sheol téacs ag Jessica ar 0857441902 A Summer Preparatory Intensive Irish Course for Leaving Certificate Students 2025 Facilitated by Tomás P. Ó Móráin O.S, B.A, M.Ed, A.T.O, A.T.G It will run from...
Ceardlann Scríobhneoireachta
20/07/2024
Cultúrlann Uí Chanáin, 37 Mórshráid Shéamais, Doire, BT48 7DF
Fáilte roimh scríbhneoirí le taithí agus roimh dhaoine nár bhreac focal go fóill. Beir leat peann is pár, croí éadrom is acmhainn ghrinn. Má tá dán nó dhó nó cúpla píosa próis (atá gearr), beir leat iad chomh maith. Beidh muid ag scríobh as an nua den chuid is mó den achar ama, ach beidh spás ann le comhairle a fháil ar phíosaí réamhscríofa fosta. Le Réaltan Ní Leannáin.
Daonscoil na Mumhan
11/08/2024
Daonscoil na Mumhan, R674, Contae Phort Láirge, Éire, X35 N821
Daonscoil na Mumhan.11-16 Lúnasa. Seachtain chaidrimh agus oideachais do dhaoine fásta- sé lá ina shnaidhmfí forbairt cultúrtha agus foghlaim, caidreas agus canadh, ceol agus spraoi … sos agus saoire cois farraige i nGaeltacht na nDéise. Breis eolais
Bród Chléire – Campa Samhraidh LADTA+
12/08/2024
Oileán Chléire, Bóthar Teach Solais, Contae Chorcaí, P81 FY05
12 - 18 Lúnasa 2024, ar Oileán Chléire, Co Chorcaí Tuilleadh eolais anseo!
Scoil Samhraidh: Comhréir agus Frásaíocht na Gaeilge
18/08/2024
Coláiste na Rinne, R674, Contae Phort Láirge, Cúige Mumhan, Éire, X35 E168
📢Tá an clárú ar oscailt anois don Scoil Samhraidh ar chomhréir agus ar fhrásaíocht na Gaeilge. 🗓️Dáta: 18-22 Lúnasa 2024 📌Áit: Coláiste na Rinne @ColaistenaRinne 📚Costas: €30 (táille) agus €350 (bia & lóistín) ⏰Ní mór éarlais €50 a íoc roimh an 7 Bealtaine chun d’áit ar an gcúrsa a dheimhniú. 📌Éarlais (& an tagairt ‘NuaGhaeilge’) le híoc anseo: https://anrinn.com/fees/ Ceisteanna breise: cuir r-phost chuig a.doyle@ucc.ie
Ranganna Gaeilge
03/09/2024
Teach na Gaeilge, Conradh na Gaeilge, Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe, H91 TN9E
Ranganna Gaeilge do fhoghlaimeoirí i dTeach na Gaeilge, Maigh Cuilinn.
Comhdháil Teagaisc
18/09/2024
Aula Maxima, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, Aula Maxima, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, T12 K5W7
Comhdháil Teagaisc dírithe ar mhúinteoirí Gaeilge i Scoileanna T1 agus T2. Saorchead isteach ach ní mór clárú roimh ré: https://www.eventbrite.ie/e/comhdhail-teagaisc-tickets-896355863517 Tuilleadh eolais: teagascUCC@gmail.com Clár 09.15 – 09.45: Clárú (Aula Maxima, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh) 09.45 – 10.30: Conall Ó Máirtín, 'Féidearthachtaí agus tionchar TG4 ar an fhísfhoghlaim – ábhair TG4 don seomra ranga’ 10.30 – 11.15 Scoileanna T1: Edel Ní Loingsigh, 'An plean ábhair agus Gaeilge na hArdteiste - cá bhfuil ár dtriail?' Scoileanna T2: Eilís Ní Chonchúir, Áine Máire Ní Fhaoláin, 'Feidhmeanna chritéir reatha chun cur le líofacht agus le cruinneas' 11.15 – 11.45 SOS TAE/CAIFE 11.45 – 12.30 Scoileanna T1: Leonora De Staic,...
Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair
27/12/2024
Gaoth Dobhair , Dún na nGall
Is Féile Ealaíne Traidisiúnta bhliantúil í Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair, a reáchtáiltear ón 27 Nollaig go dtí an 01 Eanáir gach bliain. Reáchtáiltear ranganna i raon leathan uirlisí ceoil chomh maith le ceardlanna amhránaíochta agus damhsa thar 4 lá le linn na féile. Sna tráthnónta, bíonn éagsúlacht ceolchoirmeacha agus imeachtaí ann chomh maith le léachtaí agus rian seisiúin (session trail) de thithe tábhairne áitiúla. Tá ticéidí luath ar díol anois d’fhéile 2024 i mí na Nollag seo chugainn anseo; https://www.eventbrite.ie/o/scoil-gheimhridh-ghaoth-dobhair-8603665006 Níos mó eolais: https://scoilgheimhridh.com/ https://www.facebook.com/ScoilGheimhridh https://www.instagram.com/scoilgheimhridh