Scoil Samhraidh: Comhréir agus Frásaíocht na Gaeilge
18/08/2024
Coláiste na Rinne, R674, Contae Phort Láirge, Cúige Mumhan, Éire, X35 E168
📢Tá an clárú ar oscailt anois don Scoil Samhraidh ar chomhréir agus ar fhrásaíocht na Gaeilge. 🗓️Dáta: 18-22 Lúnasa 2024 📌Áit: Coláiste na Rinne @ColaistenaRinne 📚Costas: €30 (táille) agus €350 (bia & lóistín) ⏰Ní mór éarlais €50 a íoc roimh an 7 Bealtaine chun d’áit ar an gcúrsa a dheimhniú. 📌Éarlais (& an tagairt ‘NuaGhaeilge’) le híoc anseo: https://anrinn.com/fees/ Ceisteanna breise: cuir r-phost chuig a.doyle@ucc.ie
Féile na mBád, Árainn
24/08/2024
Tigh Joe Watty, Stáisiun Doiteain Inis Mor, Cill Rónáin, Árainn, Co. na Gaillimhe
A chairde, tá lúcháir an domhain orainn a fhógairt daoibh go mbeidh muid ag reachtáil Féile na mBád, Árainn i mbliana. Is féile lá le hoidhreacht, ceol agus traidisiúin a bheas anseo. Bhí ceangal mór idir Árainn Agus Conamara riamh agus beidh muid ag déanamh athbheochana ar an gcaidreamh stairiúil seo. ⛵️
Ceolchoirm Chórúil & Léacht Oscailte | Irish Choral Concert & Lecture
29/08/2024
Séipéal na Naomh Uile, OCBÁC, Bóthar Pháirc na nGrás, Droim Conrach, Baile Átha Cliath, D09 N920
Cuireann Cumann Ceoil OCBÁC fáilte roimh an bpobal freastail ar cheolchoirm chórúil agus léacht oscailte i Séipéal na Naomh Uile, OCBÁC. Ag an gceolchoirm seo beidh cur i láthair ar réimse ceoil chórúil Ghaelaigh nach gcloistear go minic in aon cheolchoirm amháin. Beidh cór proifisiúnta ann á chanadh faoi stiúir Kevin Boushel, taighdeoir PhD in OCBÁC. Le linn na ceolchoirme, beidh Kevin ag tabhairt chomhthéacs don cheol, ag labhairt faoi stair na n-amhrán agus na cumadóirí a scríobh iad. Beidh na léachtanna i nGaeilge, ach beidh nótaí dátheangacha ar fáil. Cloisfear ceol as cumadóirí de leithéid Marian Ingoldsby, Michael McGlynn,...
Zúm
02/09/2024
Teach na Gaeilge, Conradh na Gaeilge, Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe, H91 TN9E
Zúm ar siúl i dTeach na Gaeilge, Maigh Cuilinn.
Ranganna Gaeilge
03/09/2024
Teach na Gaeilge, Conradh na Gaeilge, Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe, H91 TN9E
Ranganna Gaeilge do fhoghlaimeoirí i dTeach na Gaeilge, Maigh Cuilinn.
Éigse Dara Beag
13/09/2024
Cois Cuain Inis Meáin, Inis Meáin
Seo Féile cultúrtha ar Inis Meáin in ómós don fhile is fear uasal ón oileán, Dara Beag Ó Fátharta. Beidh muintir Inis Meáin ag ceiliúradh a n-oidhreacht shaibhir Idir ceolchoirm, filíocht, amhránaíocht, scéalaíocht, lúibíní, ceardlann amhránaíocht ar an sean nós ⁊ damhsa ar an sean nós ⁊ neart eile, tá míle fáilte romhaibh uilig a bheith linn. Tuilleadh eolais ag inismeainbeo.ie
#parkrunabú! – Cábán tSíle
14/09/2024
Cábán tSíle, Páirc Chábán tSíle, Seanbhóthar Bhré, Cábán tSíle, Baile Átha Cliath 18
Comh-thionscnamh is ea #parkrunabú! idir An tOireachtas & parkrun in Éirinn. Ócáid ghréasánaíochta atá ann do Ghaeilgeoirí, a bhfuil spéis acu a bheith ag siúil nó ag rith, aithne a chur ar Ghaeilgeoirí eile sa cheantar agus a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus a chur chun cinn chomh maith le cairde nua a dhéanamh! Is cuma más lúthchleasaí thú nó más fearr leat siúlóidí sóisialta, cuirfear fáilte roimh chách ag an #parkrunabú!
Comhdháil Teagaisc
18/09/2024
Aula Maxima, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, Aula Maxima, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, T12 K5W7
Comhdháil Teagaisc dírithe ar mhúinteoirí Gaeilge i Scoileanna T1 agus T2. Saorchead isteach ach ní mór clárú roimh ré: https://www.eventbrite.ie/e/comhdhail-teagaisc-tickets-896355863517 Tuilleadh eolais: teagascUCC@gmail.com Clár 09.15 – 09.45: Clárú (Aula Maxima, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh) 09.45 – 10.30: Conall Ó Máirtín, 'Féidearthachtaí agus tionchar TG4 ar an fhísfhoghlaim – ábhair TG4 don seomra ranga’ 10.30 – 11.15 Scoileanna T1: Edel Ní Loingsigh, 'An plean ábhair agus Gaeilge na hArdteiste - cá bhfuil ár dtriail?' Scoileanna T2: Eilís Ní Chonchúir, Áine Máire Ní Fhaoláin, 'Feidhmeanna chritéir reatha chun cur le líofacht agus le cruinneas' 11.15 – 11.45 SOS TAE/CAIFE 11.45 – 12.30 Scoileanna T1: Leonora De Staic,...
‘Teach-House’ , Léamh filíochta dátheangach mar aon le scór ceoil bunaidh nua-chumtha.
20/09/2024
Leabharlann Thuar an Daill, Luimneach, V94 AP03
Le meantóireacht ó Dairena Ní Chinnéide, agus maoinithe ag Foras na Gaeilge, scríobh Emer O'Flaherty cnuasach dánta dátheangach dar teideal 'Teach - Teach' , cuimhní cinn ar theach óige agus na hathruithe a tharla ann thar na blianta. Léifidh ealaíontóir na bhfocal labhartha Joanne Callinan an saothar seo (Gaeilge agus Béarla) agus seinnfidh Emer scór tionlacain beo nuachumtha don lucht féachana. Tá sé oiriúnach do gach aoisghrúpa agus cainteoir Gaeilgel. Léirigh Joanne agus Emer an saothar seo den chéad uair chun Oíche Chultúir 2022 a cheiliúradh i Músaem an Chláir, Inis.
Ranganna Gaeilge le Cill Dara le Gaeilge
24/09/2024
Ionad Pobail An Monread, Ascaill an Mhaidilín, Nás na Ríogh, Co. Chill Dara, W91 FNV9,Cill Dara
Ranganna Gaeilge Irish Language Classes Tá lúcháir ar Chill Dara le Gaeilge sraith nua de ranganna Gaeilge a fhógairt! Cill Dara le Gaeilge is delighted to announce a new series of Irish classes! 24/09/24-12/11/24 19:00-20:00 Tosaitheoirí/Beginners 20:00 - 21:00 Meánleibhéal/Intermediate Level €60 in aghaidh an chúrsa per course (8 rang/classes) Ceannaigh ticéidí anseo The Monread Community Centre Ascaill an Mhaidilín, Nás na Ríogh, Co. Chill Dara, W91 FNV9 Maudlins Avenue, Naas, Co. Kildare, W91 FNV9
Celtic Knot 2024
25/09/2024
Óstán an Túir, Contae Phort Láirge, X91 VXE0
Ag glaoch ar dhaoine mór na teangacha! Éire ina tír óstach don Chomhdháil Idirnáisiúnta na dTeangacha Celtic Knot i mí Mheán Fómhair. Tá an-áthas ar Wikimedia Community Ireland an imeacht seo ar theangacha Ceilteacha agus Mionteangacha a óstáil i gCathair Phort Láirge. Tar éis blianta de chomhdhálacha fíorúla, tá áthas ar Chomhdháil na dTeangacha Celtic Knot Wikimedia a fhógairt go bhfuil sí ar ais chuig imeacht pearsanta. I mbliana, beidh díograiseoirí teanga, lucht déanta beartas, taighdeoirí, agus daoine Vicí (nó Wikimedians) ag bailiú i gcathair stairiúil Phort Láirge, Éire, ón gCéadaoin, 25ú go dtí an Aoine, 27ú Meán Fómhair, 2024....
An Chomhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge
27/09/2024
Áras na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe, Bóthar na hOllscoile, Gaillimh, H91 TK33
Tionólfar an Chomhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge ag Áras na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe ar an 27-28 Meán Fómhair 2024. Déanfar plé ag Comhdháil na bliana seo ar an ómós áite i litríocht agus i gcultúr na Gaeilge, idir shean agus nua, idir léannta agus ealaíonta. I measc aoichainteoirí na Comhdhála i mbliana, beidh an Dr Ailbhe Nic Giolla Chomhaill (Ollscoil Luimnigh), an Dr Mairéad Conneely (Coláiste San Aingeal, Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh), agus an Dr Caoimhín Ó Muirí (Coláiste na hOllscoile, Corcaigh). Chun teacht ar an eolas is déanaí faoin gcomhdháil, féach: https://www.universityofgalway.ie/gaeilge/comhdhail/
#parkrunabú!
02/11/2024
Teach Chill Airne, Bóthar an Mhisin, Cill Airne, Co. Chiarraí
Comh-thionscnamh is ea #parkrunabú! idir An tOireachtas & parkrun in Éirinn. Ócáid ghréasánaíochta atá ann do Ghaeilgeoirí, a bhfuil spéis acu a bheith ag siúil nó ag rith, aithne a chur ar Ghaeilgeoirí eile sa cheantar agus a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus a chur chun cinn chomh maith le cairde nua a dhéanamh! Is cuma más lúthchleasaí thú nó más fearr leat siúlóidí sóisialta, cuirfear fáilte roimh chách ag an #parkrunabú!
Tionscadal Taylor Swift
08/11/2024
Pavilion, Contae Átha Cliath, Éire,
Róisín Seoighe X IMLÉ Tá clú agus cáil tuillte ag Taylor Swift ar go leor cúiseanna. Tá bua na cumadóireachta aici, gan amhras, agus í thar a bheith cumasach ag insint scéalta grá: an lúcháir, an briseadh croí agus an meascán mearaí a bhaineann le grá na ndéagóirí; an bhá a bhí aici lena máthair nuair a buaileadh tinn í; amhráin ghreannmhara faoi dhíoltas a bhaint amach ar lucht a cáinte; na fuaimdhreacha áille in folklore agus evermore agus na beathaisnéisí atá fite fuaite ina chéile i mbaile beag Meiriceánach. 8:00 pm Dé hAoine 8 SAMHAIN Pavilion, Dún Laoghaire Ticéid...
CEOLTA
14/11/2024
The Grand Social, 35, Sráid Life Íochtaracht, Baile Átha Cliath, Contae Átha Cliath, Éire, D01 C3N0
CEOL le SEXY TADHG FILÍOCHT le JULIE GOO, MARCUS MAC CONGHAIL, LAOIGHSEACH NÍ CHOISTEALBHA, DUBHÁN Ó LONGÁIN IMRAM i gcomhar le hÉIGSE ÉIREANN 7:30 i.n. Déardaoin 14 Samhain The Grand Social, BÁC 1 Ticéad: €15 https://fixr.co/event/ceolta-tickets-225149495
Tionól Forbartha 2024
22/11/2024
Óstán Slieve Russell, N87, Contae an Chabháin H14 YY97
Gaeloideachas i bpáirt le COGG Óstán Slieve Russell, Co. an Chabháin Aoine 22 Samhain 2024 Tá ticéid ar díol anois do Tionól Forbartha 2024 agus is féidir lóistín a chur in áirithe. Tapaigh an deis! Tá gach eolas ar fáil anseo
Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair
27/12/2024
Gaoth Dobhair , Dún na nGall
Is Féile Ealaíne Traidisiúnta bhliantúil í Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair, a reáchtáiltear ón 27 Nollaig go dtí an 01 Eanáir gach bliain. Reáchtáiltear ranganna i raon leathan uirlisí ceoil chomh maith le ceardlanna amhránaíochta agus damhsa thar 4 lá le linn na féile. Sna tráthnónta, bíonn éagsúlacht ceolchoirmeacha agus imeachtaí ann chomh maith le léachtaí agus rian seisiúin (session trail) de thithe tábhairne áitiúla. Tá ticéidí luath ar díol anois d’fhéile 2024 i mí na Nollag seo chugainn anseo; https://www.eventbrite.ie/o/scoil-gheimhridh-ghaoth-dobhair-8603665006 Níos mó eolais: https://scoilgheimhridh.com/ https://www.facebook.com/ScoilGheimhridh https://www.instagram.com/scoilgheimhridh