Cultúrlann Uí Chanáin
Amharclann Beár Bia agus Deoch Caifé Campaí Samhraidh do Pháistí Ciorcail Chomhrá Clubanna Óige Eolaire na Lárionad Gaeilge Grúpa Tuistí agus leanaí Oiriúnach do Chathaoireacha Rothaí Ranganna Ceoil, Amhránaíochta agus Damhsa Ranganna Gaeilge Seirbhís Meánscolaíochta Seirbhísí Bunscolaíochta Siopa Earraí Gaeilge Spás Oifige Spás Taispeántais Turais Threoraithe
Cúlra
D’fhás An Gaeláras as craobh de chuid Chonradh na Gaeilge a bunaíodh sa bhliain 1983 i ndá sheomra i dTaobh an Bhogaigh. Bunaíodh an chraobh chun ranganna Gaeilge a chur ar fáil. Bhí an t-éileamh ar ranganna chomh mór sin gur bhog an chraobh chuig foirgneamh eile i 1988, áit a raibh siad mar thionónta go dtí gur ceannaíodh 34 Mórshráid Shéamais, i 1992. Osclaíodh Cultúrlann Uí Chanáin i mí Mheán Fómhair 2009 le hamharclann, caifé, siopa, club óige, agus seomraí léachta agus ranga.Teagmháil
Uimhir fóin: +44 (0)2871 264 132 Suíomh: culturlann.org Ríomhphoist: eolas@culturlann.orgUaireanta Oscailte
Dé Luain - Déardaoin 9:00r.n. - 5:00i.n. Dé hAoine 9:00r.n. - 4:00i.n.An Gaeláras was established in 1983 in two rooms in Wetlands as a branch of Conradh na Gaeilge. The branch was established to provide Irish language classes. The demand was for classes so large that they moved to another building in 1988, where they were tenants until the purchase of 34 James High Street, in 1992.
Cultúrlann Uí Chanáin opened in September Autumn 2009 with theatre, café, shop, youth club, lecture and classroom rooms.
Imeachtaí
Léigh is Pléigh
20/07/2024
Is mian le Cultúrlann Uí Chanáin i gcomhair le Siopa Leabhar Little Acorns 'Léigh is Pléigh' a chur ar fáil do phobal léitheoireachta na Gaeilge sa cheantar. Beidh Réaltán Ní Leannáin i mbun seisiúin, an Scríbhneoir Cónaithe reatha leis an Chultúrlann, ag plé an leabhair, Súile Éisc le Michelle Nic Pháidín. Tá an leabhar ar fáil ón siopa.
Ceardlann Scríobhneoireachta
20/07/2024
Fáilte roimh scríbhneoirí le taithí agus roimh dhaoine nár bhreac focal go fóill. Beir leat peann is pár, croí éadrom is acmhainn ghrinn. Má tá dán nó dhó nó cúpla píosa próis (atá gearr), beir leat iad chomh maith. Beidh muid ag scríobh as an nua den chuid is mó den achar ama, ach beidh spás ann le comhairle a fháil ar phíosaí réamhscríofa fosta. Le Réaltan Ní Leannáin.
Campa Samhraidh Déagóirí Dhoire
08/07/2024
Spórt uisce agus ceardlanna ón Luan 8 go Aoine 12 Iúil. Bígí linn! Le clarú a dhéanamh agus le tuilleadh eolais a fháil: john@culturlann.org. Aois: iar-bhunscoile, 11-18.
Campa Banna
08/07/2024
Beidh ceardlanna ceoil, ceardlanna cumadh amhráin, ceardlanna léirithe, agus ceardlanna ar uirlisí eagsúla. Cuirfidh grúpaí ceoil seit amhráin le chéile i léiriuchán fá choinne cairde agus clann ag ceolchoirm proifisiúnta ar an 11ú lá de mhí Iúil. Spriocdháta: Dé Domhnaigh 23ú Meitheamh. Breis eolais anseo